Cartlanna Sheosaimh Uí Éanaí

Na Cartlanna

Seosamh Ó hÉanaí

Íomhá portráide de Joe Éinniú.
Seosamh Ó hÉanaí

Bhí Seosamh Ó hÉanaí (Joe Éinniú mar a thugtar air sa mbaile) ar dhuine de na hamhránaithe sean-nóis ab fhearr den bhfichiú aois. Bhí an-cháil air in Éirinn agus thar lear. Tugann na Cartlanna seo léargas dúinn ar a chuid amhránaíochta, ar a chuid scéalaíochta agus ar a chuid seanchais, i nGaeilge is i mBéarla, agus tá go leor eolais faoi na taifid sin mar anlann ina dteannta.

Ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar Joe Éinniú iad na Cartlanna freisin. A chuid mac léinn agus a chuid cairde féin a rinne an chuid is mó de na taifid fuaime agus físeáin atá ar na leathanaigh seo.

Comhfhiontar is ea na Cartlanna, idir Ollscoil na Gaillimhe (Roinn na GaeilgeAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge) agus Ollscoil Washington.

Cuardaigh leat — agus bain taithneamh as a n‑aimsíonn tú!